Bailiúchán Bhairbre
10.00am
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Ag 10.00am ar RTÉ Raidíó na Gaeltachta inniu, cuirfear tús leis an tsraith stairiúil Bailiúchán Bhairbre, a craoladh den chéad uair sa bhliain 2006.
Sa tsraith seo, cloistear ceolta agus amhráin Árann agus Chonamara mar a thaifead Bairbre Quinn as Árainn iad ó dheireadh na gcaogaidí go dtí na seachtóidí. Ba í Bairbre an chéad oileánach a raibh téipthaifeadán aici, agus ba i measc an phobail a bhí sí ag taifeadadh go neamhspleách lena gléas taifeadta féin, mar sin tá spraoi agus spóirt na ceoltóireachta le brath go láidir ar na téipeanna.
Cloistear oileánaigh agus cuairteoirí, sean agus óg, lí agus gasúir scoile, agus caint nádúrtha na ndaoine sa tsraith seo.
Tá roinnt tai d, freisin, a rinne Baibre ag cóisir tí ar an oileán sa bhailiúchán, agus tai d freisin ó Cheantar na n-oileán i gconamara. Tugann an tsraith seo léargas dúinn ar shaol na ndaoine an t-am sin, agus ar an saibhreas cultúir agus teanga a bhí ann.
Inniu, sa chéad chlár, clois mid faoi chúlra na sraithe, le Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha, Paddy Quinn, agus Stiophán Ó Conghaile.
Is í Deirdre Ní Chonghaile a chuir dh an tsraith seo i láthair, agus is é Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh a léirigh.
Today we hear the rst show in the historic radio series, which was rst broadcast in 2006, and now rebroadcast as part of the packed summer schedule.
The series is based on a collection of tape recordings made by Bairbre Quinn in the Aran Islands and Connemara from the end of the 1950s to the 1970s. The recordings feature the music and song of the region, and also the everyday conversation and banter of the community, and give us an insight into life at the time.